Arú inné chuaigh Rang4 ar thuras scoile chuig Anaclann Éanlaithe Loch Garman. Ar dtús bhí muid ag fáil feithidí uisce. Bhí próca le gloine formhéadaithe air agus chuir muid na feithidí isteach ann. Bhí trádaire againn agus chuaigh muid go dtí an lochán agus chuir muid uisce san trádaire agus bhí líon againn chuir muid an líon san uisce agus bhailigh muid feithidí.
An rud is fearr linn ná an scairp uisce. Fuair muid a lán feithidí uisce mar damhán uisce, scairp uisce, iasc agus fineog uisce agus chuir muid na feithidí sa trádaire. Fuair muid grúpa nimfeach snáthaide móire nimfeach na béchuile freisin.
Le Aaron, Lennon, John agus Maisie
No comments:
Post a Comment