20/11/2016

Méadar Báistí.

Bhíomar ag labhairt faoi thuar na haimsire le déanaí agus táimid chun ár dtrealamh féin a thógáil chun é a úsáid sa stáisiúin aimsire.  Beidh ainéimiméadar, eite ghaoithe agus méadar báistí, ag teastáil.  Tá bileog ag gach duine a thaispeánann conas ainéimiméadar a dhéanamh agus seo na treoracha chun méadar báistí a dhéanamh.
An rud is tábhachtaí ná go mbeadh an buidéal sorcóireach. D'úsáid rang na bliana seo caite ceann de na buidéal ina dtagann liathróidí leadóige.  Bí cinnte freisin go bhfaigheann sibh cabhair ó dhuine fásta chun an buidéal a ghearradh.  Nílimid ag iarraidh éinne a fheiceáil ar scoil le naoi méar maidin Luain!
An cuimhin libh cén fáth go raibh gá le clocha a chuir ann?  An bhfuil gá le seo fós?

Feicfidh mé conas mar a éiríonn libh an tseachtain seo chugainn.

M. Cian

No comments:

Post a Comment