Bhíomar ag labhairt faoi thuar na haimsire le déanaí agus táimid chun ár dtrealamh féin a thógáil chun é a úsáid sa stáisiúin aimsire. Beidh ainéimiméadar, eite ghaoithe agus méadar báistí, ag teastáil. Tá bileog ag gach duine a thaispeánann conas ainéimiméadar a dhéanamh agus seo na treoracha chun méadar báistí a dhéanamh.
An rud is tábhachtaí ná go mbeadh an buidéal sorcóireach. D'úsáid rang na bliana seo caite ceann de na buidéal ina dtagann liathróidí leadóige. Bí cinnte freisin go bhfaigheann sibh cabhair ó dhuine fásta chun an buidéal a ghearradh. Nílimid ag iarraidh éinne a fheiceáil ar scoil le naoi méar maidin Luain!
An cuimhin libh cén fáth go raibh gá le clocha a chuir ann? An bhfuil gá le seo fós?
Feicfidh mé conas mar a éiríonn libh an tseachtain seo chugainn.
M. Cian