Inné chuaigh mé ar scoil agus rinne mé obair faoi léarscáil
na hÉireann agus rinne muid obair ar an feadóg stáin tá muid ag
déanamh Amhrán na bhFiann. Táimid ag déanamh tionscnamh ar an
gcorp. Tá mo ghrúpa ag déanamh é faoi cnámha agus creatlach.
14/09/2017
11/09/2017
Amhrán na bhFiann
Tá rang 4 ag foghlaim Amhrán na bhFiann ar na feadóga faoi láthair. Seo an ceol chun cabhrú leis an gcleachtadh.
Tá na focail le foghlaim freisin dár ndóigh.
Tá na focail le foghlaim freisin dár ndóigh.
Sinne
Fianna Fáil,
atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chugainn,
Faoi mhóid bheith saor
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna baoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil,
Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaídh amhrán na bhFiann.
atá faoi gheall ag Éirinn,
Buíon dár slua
thar toinn do ráinig chugainn,
Faoi mhóid bheith saor
Seantír ár sinsear feasta,
Ní fhágfar faoin tíorán ná faoin tráill.
Anocht a théam sa bhearna baoil,
Le gean ar Ghaeil, chun báis nó saoil,
Le gunna scréach faoi lámhach na bpiléar,
Seo libh canaídh amhrán na bhFiann.
Ríomhphoist Ranga.
Tá ríomhphoist ar leith ag Rang 4 M. Cian. Más mian le héinne aon eolas a sheoladh chugainn nó chuig M. Cian faoin obair atá ar siúl againn, le bhur dtoil úsáid an seoladh seo:
M. Cian.
rang4.gaelscoilim@gmail.com
M. Cian.
Ár rang nua.
Tá cuid againn sásta bheith ar ais ar scoil, cé nach bhfuil gach duine, ach is maith linn ár múinteoir nua, mar go ndéanann muid crannchur gach seachtain. Tá seomra an-mhór againn agus tá dóthain spáis don 23 againn.
Táímid chun ár mblag a úsáid chun ár ndul chun cinn as seo go deireadh bliana a thaispeáint. Cuirfimid ár dtionscnaimh, ár gcuid ealaíne, pictiúir de na hábhair ar fad a dhéanfaidh muid i rith na bliana agus aon scríbhneoireacht suimiúil a bheidh againn.
Tá súil againn go mbeidh bliain mhaith againn agus go mbeidh ár mblag lán le postanna ag deireadh na bliana. Tá súil againn freisin go mbainfidh gach duine taitneamh as an mblag a léamh.